Is ionann fógra príobháideachais nó trédhearcachta agus ráiteas a dhéantar do dhaoine arb iad is ábhar do shonraí maidir leis an gcaoi a mbailíonn, a n-úsáideann, a gcoinníonn agus a nochtann an tSeirbhís a gcuid faisnéise pearsanta.

Soláthraítear sonraí sna fógraí trédhearcachta maidir leis an mbonn dlíthiúil atá le próiseáil na sonraí pearsanta, sonraí maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí agus sonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí Thithe an Oireachtais.

Is comhlacht corpraithe reachtúil é Coimisiún Thithe an Oireachtais agus bíonn sé neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Is é bord rialaithe Sheirbhís Thithe an Oireachtais é. Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais (an tSeirbhís) an comhlacht seirbhíse poiblí a riarann Parlaimint Náisiúnta na hÉireann (Tithe an Oireachtais) thar ceann Choimisiún Thithe an Oireachtais. Sa Bheartas Príobháideachais seo, tagraítear go ginearálta don dá cheann acu mar ‘an tSeirbhís’ ach amháin má éilíonn an comhthéacs go sonrófaí eintiteas faoi leith acu. Is é Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2, seoladh na Seirbhíse.

Tá an tSeirbhís ag eisiúint an Fhógra Príobháideachais seo mar gheall ar a cuid dualgas faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018. Tá tuilleadh faisnéise le fáil faoin tSeirbhís ach cliceáil anseo.

Tá faisnéis san Fhógra Príobháideachais seo maidir leis an gcaoi a ndéileálann an tSeirbhís (agus bailiúchán, úsáid nó diúscairt san áireamh) le d’fhaisnéis phearsanta nuair a thugann tú cuairt ar www.parleu2026.ie.

Socraíonn an tSeirbhís ar na bealaí a ndéileáiltear le do chuid sonraí pearsanta agus is í, dá réir, rialaitheoir na sonraí pearsanta sin i gcomhréir le RGCS.

Nuair a thugann tú cuairt ar Shuíomh Gréasáin na hUachtaránachta, www.parleu2026.ie, aisghabhtar roinnt faisnéise faoi do chuairt ar an suíomh gréasáin go huathoibríoch. Áirítear ar an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a aisghabháil

  • do sheoladh IP – sonraí sainaitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), a chuirtear in iúl mar chód prótacal Idirlín (IP) (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go bhféadfadh an seoladh bheith difriúil gach uair a dhéantar ceangal.
  • na téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú
  • na leathanaigh a bhfuair tú rochtain orthu ar an suíomh gréasáin agus na naisc a chliceáil tú
  • an dáta agus an t-am ar thug tú cuairt ar an suíomh
  • an suíomh (más ann dó) lenar tarchuireadh tú chuig an suíomh seo
  • do chóras oibriúcháin (mar shampla Windows nó Mac)
  • an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann tú (mar shampla Chrome, Internet Explorer, Mozilla Firefox)
  • faisnéis eile, amhail do thaifeach scáileáin agus príomhtheanga do bhrabhsálaí.

Beidh an fhoireann Cumarsáide a riarann an suíomh gréasáin thar ceann Sheirbhís Thithe an Oireachtais in ann breathnú ar an bhfaisnéis staitistiúil sin. Baintear leas as an bhfaisnéis chun tuarascálacha achoimre a ullmhú maidir le húsáid agus feidhmíocht. Ní úsáideann an tSeirbhís aon chuid den fhaisnéis thuas chun cuairteoirí an tsuímh gréasáin a shainaithint go pearsanta. Ní úsáidtear an fhaisnéis ach i bhfoirm chomhiomlán.

Ní úsáidfimid do chuid sonraí pearsanta ach amháin ar na cúiseanna thuas.  Baineann rialacha níos doichte le cineálacha áirithe faisnéise pearsanta a bhfuil faisnéis phearsanta íogair i gceist leo, cé gur dóichí nach mbeidh an cineál faisnéise pearsanta a thabharfaidh tú don tSeirbhís tríd an suíomh gréasáin seo íogair.

Chun faisnéis a fháil ar fhianáin, agus ar roghanna a bhaineann leo, léigh ár bh fógra fianán.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin eile le fáil ar an suíomh gréasáin. Tá a mbeartais phríobháideachais féin ag suíomhanna gréasáin tríú páirtí agus is dóigh go n-úsáidfidh siad sin fianáin freisin. Molann an tSeirbhís duit beartas príobháideachais aon suímh gréasáin a dtugann tú cuairt air a léamh go cúramach.

Déanann an tSeirbhís gach aon fhaisnéis phearsanta a chosaint go cúramach agus tógann céimeanna suntasacha oibríochtúla agus teicniúla, lena n-áirítear bearta oiriúnacha sainiúla, amhail anaithnidiú, chun rochtain, cur isteach agus/nó scaipeadh neamhúdaraithe na faisnéise pearsanta lena mbaineann an Fógra Príobháideachais seo a chosc.

Is iondúil go ndéantar an cineál faisnéis phearsanta a thugann tú don tSeirbhís mar rialaitheoir a choimeád laistigh den tSeirbhís.

Déanfar faisnéis phearsanta a ndéileálann an tSeirbhís léi agus lena mbaineann an fógra príobháideachais seo a choimeád laistigh den Aontas Eorpach.

Ní dhéanfaidh an tSeirbhís faisnéis phearsanta a choimeád ach go ceann na tréimhse ama atá riachtanach chun na gcríoch atá leagtha amach san fhógra príobháideachais seo nó de réir mar a éilíonn an dlí.

Is annamh a dhéileálann an tSeirbhís le d’fhaisnéis phearsanta lena mbaineann an Fógra Príobháideachta seo chun críocha eile.  Tá cur síos ar roinnt úsáidí ceadaithe ginearálta eile sa Bheartas um Chosaint Sonraí Ginearálta atá ag an tSeirbhís.

Seo a leanas na príomhchearta sonraí atá infheidhme i gcás an Fhógra Príobháideachais seo. Féadfaidh tú cóip de d’fhaisnéis phearsanta a iarraidh orainn nó a iarraidh orainn d’fhaisnéis phearsanta a fhorlíonadh nó a cheartú má bhíonn sí neamhiomlán nó mícheart (lena n-áirítear í a bheith as dáta). D'fhéadfá a iarraidh ar an tSeirbhís faisnéis phearsanta a scriosadh, go háirithe mura mbíonn sí ag teastáil ón tSeirbhís a thuilleadh, nó gan déileáil léi de thuras na huaire, mar shampla, má cheapann tú go bhfuil sí mícheart. Maidir leis an tSeirbhís a bheith ag déileáil le faisnéis phearsanta, a bhfuil sí ag déileáil léi i bhfeidhmiú údarás oifigiúil nó ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh tú agóid a dhéanamh ina choinne sin tráth ar bith. Tá an teidlíocht sin faoi réir mórán coinníollacha dlí, áfach, ag brath ar an bhfaisnéis phearsanta agus an fáth a bhfuil an tSeirbhís ag déileáil léi. Ní mór don tSeirbhís ansin stopadh de bheith ag déileáil leis an bhfaisnéis phearsanta ach amháin má fhéadann sí cúis an-láidir a léiriú chun leanúint de.

Mura mbíonn tú sásta leis an gcaoi a ndéileálann an tSeirbhís le do chuid faisnéise pearsanta, féadfaidh tú do mhíshástacht a chur in iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí: féach www.dataprotection.ie

Is í Jennifer McGrath Oifigeach Cosanta Sonraí na Seirbhíse agus is ise an pointe teagmhála maidir leis an bhfógra trédhearcachta seo. Is é +353 (1) 618 4712 uimhir na hoifige aici agus is é an seoladh ríomhphoist atá aici dataprotection@oireachtas.ie.

Déantar athbhreithniú rialta ar an bhfógra seo. Rinneadh an nuashonrú is deireanaí ar an bhfógra ar an 19 Meitheamh 2026.