Tá an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh, faoi cheannas Chathaoirleach an Choiste, an Teachta Barra Mac an Bháird, chun Cruinniú Chathaoirligh COSAC a ostáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Luain, an 13 Iúil. Is í Ceann Comhairle Dháil Éireann, an tUasal Verona Ní Mhurchú TD, a thabharfaidh an óráid tosaigh.
Is éard í COSAC an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh. Tagann ionadaithe ó Choistí um Ghnóthaí AE as áiteanna ar fud na mBallstát uile le chéile chun faisnéis a mhalartú, tograí reachtacha AE a scrúdú agus maoirseacht dhaonlathach ar chinnteoireacht AE a neartú. Is í an príomhfhóram trína gcomhoibríonn parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa ar chúrsaí AE í.
9:00 Óráid fáilte ó Cheann Comhairle Dháil Éireann, an tUasal Verona Ní Mhurchú TD.
9:10 Seisiún tionscnaimh le Cathaoirleach an Chomhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh, an tUasal Barra Mac an Bháird TD.
9:30 Seisiún I: Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Príomhóráid ón Taoiseach, an tUasal Micheál Ó Máirtín TD.
11:30 Seisiún II: Comhar Parlaiminteach agus Athléimneacht Dhaonlathach i nDomhan Éiginnte.
Na Príomhchainteoirí
- An tUasal Micheál Mac Craith, An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, An Coimisiún Eorpach.
- An tOllamh Brigid Laffan, Ollamh Emerita le Polaitíocht na hEorpa, An Institiúid Ollscoile Eorpach.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Barra Mac an Bháird:
“Tá an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh ag tnúth le Cruinniú Chathaoirligh COSAC a óstáil, ar cruinniú é a bhfuil ról lárnach aige maidir le hidirphlé a spreagadh ar phríomhréimsí beartais ag parlaiminteoirí Eorpacha. Ag an gcruinniú, pléifimid Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, atá dírithe ar na trí chrann taca, arb éard iad slándáil, iomaíochas agus luachanna.
Le linn an dara seisiún, pléifimid tábhacht an chomhair pharlaimintigh agus conas is féidir linn cabhrú le hathléimneacht ár ndaonlathais Eorpaigh a chinntiú sa timpeallacht gheopholaitiúil reatha. Beidh an seisiún seo ríthábhachtach sa chaoi go ndéanfaimid breithniú ar shaincheisteanna níos leithne i dtaca leis an téama seo a bhaineann le AE a mhéadú, leis an gcomharsanacht Eorpach, le hoiriúnú don aeráid agus le haistriú cóir, agus leis an timpeallacht dhigiteach, ar breithniú é a dhéanfaimid freisin ag Cruinniú Iomlánach COSAC i mí na Nollag.
Dúirt an Teachta Mac an Bháird freisin “Is sásra tábhachtach fós é COSAC chun a chinntiú go bhfuil parlaimintí náisiúnta páirteach go gníomhach sa phróiseas reachtach de chuid AE, agus déanfaidh Éire, mar óstach, a céad dícheall chun a chinntiú go gcloisfear gach glór agus gurb é an daonlathas an chéad chloch ar ár bpaidrín.”
Dúirt Ceann Comhairle Dháil Éireann, an tUasal Verona Ní Mhurchú TD
“Is mór an onóir dom an ráiteas tosaigh uaim a thabhairt ag an ócáid tionscnaimh den ghné pharlaiminteach de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tugtar deis dúinn leis an ócáid seo ach tá freagracht shoiléir i gceist léi freisin ionadaíocht a dhéanamh do na daoine dá bhfónaimid agus freastal ar na daoine sin.
Le linn na hUachtaránachta, óstálfaimid comhdhálacha ar na príomhdhúshláin atá roimh an Eoraip inniu; ó choinbhleacht agus slándáil go brúnna eacnamaíocha, athrú digiteach agus neart ár ndaonlathais go hathnuachan ó ghlúin go glúin i gcúrsaí talmhaíochta agus i gcothú na síochána. Tá na saincheisteanna seo ar leac an dorais againn agus is gá réitigh phraiticiúla chomhroinnte ina leith. Is láidre an Eoraip nuair a oibrímid le chéile agus nuair is ar mhaithe le daoine a dhéanaimid ár gcinntí.
Mar Cheann Comhairle, táim ag tnúth le fáilte a chur roimh thoscairí ó áiteanna ar fud na hEorpa agus le bheith ag obair le chéile agus fócas comhroinnte againn ar na daoine a ndéanaimid ionadaíocht dóibh.”
Déanfar beoshruthú ar an gcruinniú agus féadfar breathnú air ó 9 a.m. Dé Luain