Na Preaseisiúintí is Déanaí
Faigh an nuacht is déanaí le ráitis, fógraí agus eisiúintí meán oifigiúla ó Thithe an Oireachtais
Breathnaigh ar na preaseisiúintíCreidiúnú agus clárú
Éilítear ar iriseoirí agus gairmithe meán ar mian leo a bheith i láthair ag imeachtaí creidiúnú meán a bheith acu.
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart d’ionadaithe meán ar mian leo a bheith i láthair ag imeachtaí teagmháil a dhéanamh le hOifig Preasa Thithe an Oireachtais roimh ré chun tús a chur leis an bpróiseas creidiúnúcháin.
Déanfaidh an Oifig Preasa tú a threorú tríd an bpróiseas agus cuirfidh sí comhairle ort maidir leis an doiciméadacht a éilítear agus leis na critéir incháilitheachta.
Déan teagmháil leis an Oifig Preasa
Déan teagmháil linn chun tús a chur le d’iarratas.
Treoirlínte meán
Gheobhaidh comhaltaí creidiúnaithe den phreas cárta rochtana ar theacht dóibh, faoi réir cárta preasa bailí a thaispeáint. Tríd an gcárta sin, tugtar rochtain ar limistéir phoiblí agus saoráidí preasa ainmnithe agus ní mór é a chaitheamh go hinfheicthe gach tráth.
Ceadaítear do chomhaltaí creidiúnaithe den phreas grianghraif agus físeáin a thógáil le linn cruinnithe iomlánacha agus i limistéir ghrianghrafadóireachta ainmnithe.
Ní cheadaítear grianghrafadóireacht ná scannánaíocht sna háiteanna seo a leanas:
- Seomraí cruinnithe
- Limistéir ina gcaitear bia agus sólaistí
- Limistéir phríobháideacha nó shrianta
Ní mór na hagallaimh uile a shocrú go díreach le rannpháirtithe aonair.
Ag imeachtaí áirithe, is féidir go mbeidh bacainní agus limistéir phreasa ainmnithe i bhfeidhm.
Ní mór d’ionadaithe meán na treoracha uile a sholáthraíonn an fhoireann imeachta agus an pearsanra ionaid i ndáil le rochtain, gluaiseacht agus rannpháirtíocht a leanúint.
Saoráidí agus rochtain ionaid
Breathnaigh ar na himeachtaí atá le teacht agus fiosraigh ár saoráidí ar fud Bhaile Átha Cliath a dearadh chun tacú le hiriseoirí trí sheirbhísí meán cuimsitheacha.
An Chlólann, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Caisleán Bhaile Átha Cliath, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 R856Rochtain agus teacht
Ní mór do na meáin chreidiúnaithe uile cárta preasa bailí a thaispeáint ag an mbealach isteach ainmnithe. Tar éis é a fhíorú, eiseofar cárta rochtana imeachta. Ní mór é sin a chaitheamh, agus ní mór é a bheith infheicthe, gach tráth le linn a bheith ar an láthair.
Ba cheart d’ionadaithe meán am breise a chur i leataobh le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana.
Faisnéis pháirceála
Níl aon pháirceáil le fáil ar an láthair ag an ionad seo.
Ar na roghanna páirceála poiblí in aice láimhe áirítear:
- Carrchlós Theampall Chríost (siúlóid thart ar 5 nóiméad)
- Carrchlós an Bhóthair Bhig (siúlóid thart ar 8 nóiméad)
- Is féidir go mbeidh páirceáil sráide theoranta ar fáil in aice láimhe (faoi réir srianta)
Saoráidí meán
An tIonad Comhdhála, Duga Spencer
Duga Spencer, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01 T1W6Rochtain agus teacht
Ní mór do na meáin chreidiúnaithe uile cárta preasa bailí a thaispeáint ag an mbealach isteach ainmnithe. Tar éis é a fhíorú, eiseofar cárta rochtana imeachta. Ní mór é sin a chaitheamh, agus ní mór é a bheith infheicthe, gach tráth le linn a bheith ar an láthair.
Ba cheart d’ionadaithe meán am breise a chur i leataobh le haghaidh nósanna imeachta slándála agus rochtana.
Faisnéis pháirceála
Níl aon pháirceáil le fáil ar an láthair ag an ionad seo.
Ar na roghanna páirceála poiblí in aice láimhe áirítear:
- Carrchlós Chearnóg an Iosta (siúlóid thart ar 5 nóiméad)
- Carrchlós IFSC CHQ (siúlóid thart ar 8 nóiméad)
- Duga Spencer (Q Park) (siúlóid thart ar 6 nóiméad)