Seal na hÉireann san Aontas Eorpach

Scéal claochlaithe, comhair agus a bhfuil a thionchar ag dul i méid é rannpháirtíocht na hÉireann san Aontas Eorpach. Ó rinneadh Ballstát d’Éirinn in 1973, thairbhigh Éire den chomhtháthú eacnamaíoch, rannchuidigh le cinntí móra an Aontais Eorpaigh, agus chuidigh le múnlú an Aontais trí uachtaránachtaí agus reifrinn ar bhain tábhacht mhór leo.

Bhí Uachtaránacht ag Éirinn ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 1975, 1979, 1984, 1990, 1996, 2004 agus 2013. Beidh sí ina hóstach ar an Uachtaránacht den ochtú huair ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh. Is minic a tharla na huachtaránachtaí úd le linn tréimhsí athruithe móra, rud a chuir i dtábhacht ról na hÉireann mar idirbheartaí agus eadránaí éifeachtach laistigh den Aontas.

Sa tréimhse seo, déantar cíoradh ar na heachtraí cinniúnacha a bhain le ról na hÉireann san Eoraip le breis agus leathchéad bliain.

1 Eanáir 1973

Glacann Éire a háit sa chomhluadar Eorpach

Tar éis roinnt blianta ullmhúcháin agus iarratas roimhe sin, shínigh Éire Conradh Aontachais le dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Tar éis roinnt blianta ullmhúcháin agus iarratas roimhe sin, shínigh Éire Conradh Aontachais le dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, réamhtheachtaí don Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann, in 1972. D’fhág ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, nach é an tOireachtas an t-aon reachtas chun dlíthe sa Stát a rith as sin amach, agus mar sin bhí gá le reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú

Reáchtáladh an reifreann an 10 Bealtaine 1972, agus breis agus ceathrar as gach cúigear toghthóirí ag vótáil i bhfabhar an reifrinn. Chuaigh Éire isteach in CEE ar an 1 Eanáir 1973.

EU flag

1 Eanáir 1975

Former Taoiseach Liam Cosgrave painted portrait in full, with the subject sitting in a chair being lit from the right overhead side

An chéad uair ag Éirinn i seilbh na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Bhí Éire i mbun a céad Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 1975 faoi cheannaireacht an Taoisigh Liam Cosgrave. Ritheadh an Treoir um Pá Comhionann (Treoir 75/117/CEE ón gComhairle) lenar bunaíodh an prionsabal maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná i rith na hUachtaránachta.

Thángthas ar chomhaontú i rith na hUachtaránachta chun obair a thosú ar aontas pasanna agus cearta Comhphobail choitinn a chruthú do shaoránaigh an Chomhphobail Eorpaigh.

Dúirt an t-iar-Thaoiseach, an Dr. Garret FitzGerald, gur chuidigh an rath a bhí ar chéad Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle chun clú a bhaint amach d’Éirinn mar thír a bhí dáiríre faoin Eoraip.

1 Iúil 1979

Toghadh ionadaithe go díreach chuig Parlaimint na hEorpa

Bhí Éire i mbun a dara hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Iúil go mí na Nollag 1979 faoi cheannaireacht an Taoisigh Jack Lynch agus ina dhiaidh sin an Taoisigh Charles Haughey.

I mí an Mheithimh 1979, den chéad uair riamh, thogh saoránaigh na hEorpa ionadaithe go díreach chuig Parlaimint na hEorpa. Thogh Éire 15 ionadaí, nó Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa.

Ba í Simone Veil an chéad Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Cheap Simone Veil bean Éireannach, Anne-Marie Manson-Hennon, ar fhoireann comh-aireachta de chomhairleoirí speisialta an Uachtaráin. I measc na ndualgas a bhí ar Anne-Marie Manson-Hennon thug sí an t-eolas ar fad don Uachtarán maidir le hobair 15 choiste na Parlaiminte.

1 Iúil 1984

D’aontaigh na Ballstáit ar mhéadú um fhóirithint ghorta agus tacaíocht don Afraic

Bhí Éire i mbun a tríú hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Iúil go mí na Nollag 1984 faoi cheannaireacht an Taoisigh Garret FitzGerald. Shínigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an Comhaontú Trádála agus Comhair Eacnamaíoch leis an tSín i rith na hUachtaránachta.

Éacht mór de chuid na hUachtaránachta seo ab ea a cuid oibre ar chomhaontú a bhaint amach ar cheist na cabhrach daonnúla san Afraic. I rith an ama sin, d'aontaigh na ballstáit cabhair airgeadaíochta agus bhia éigeandála a leithdháileadh don Afraic mar bhearta fóirithinte ar ghorta.

24 Nollaig 1986

An chaoi a dtugtar faomhadh do chonarthaí Eorpacha in Éirinn

Oíche Nollag 1986, shínigh an tUachtarán Patrick Hillery Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1986, a thug forálacha na hIonstraime Eorpaí Aonair isteach i ndlí na hÉireann. Mar sin féin, an lá céanna fuarthas urghaire ón Ard-Chúirt a chuir cosc ar Rialtas na hÉireann an Conradh a dhaingniú gan an cheist a chur ar reifreann i dtosach.

I mí Aibreáin 1987, in Crotty v. An Taoiseach, rialaigh an Chúirt Uachtarach mar gheall gur “céim shuntasach agus chinntitheach ar an mbealach chuig beartas eachtrach Eorpach aonair” a bhí san Ionstraim Eorpach Aonair, nach bhféadfaí í a dhaingniú ach le reifreann amháin. Reáchtáladh an reifreann an samhradh dár gcionn, agus 70% de na toghthóirí ina fhabhar.

Ballot boxes holding votes in the Seanad 2025 election

1 Eanáir 1990

Ceannaireacht na hÉireann san Eoraip le linn athruithe

Bhí Éire i mbun a ceathrú hUachtaránacht ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 1990 faoi cheannaireacht an Taoisigh Charles Haughey. 

I rith na hUachtaránachta, reáchtáladh cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin 1990. D’aontaigh an Chomhairle cur chuige coiteann maidir le haontú na Gearmáine ionas go gcomhtháthófaí go réidh iarchríoch Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (Oirthear na Gearmáine) isteach san Aontas.

D’aontaigh sí chomh maith ar chur chuige coiteann maidir le caidreamh an Chomhphobail le tíortha Lár agus Oirthear na hEorpa tar éis titim an ‘Chuirtín Iarainn’.

18 Meitheamh 1992

euro currency

Tús an euro mar airgeadra

Rinneadh an tAontas Eorpach (AE) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1993 faoi Chonradh Maastricht (agus an Conradh ar an Aontas Eorpachmar ainm foirmiúil air). Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Maastricht ar an 18 Meitheamh 1992. Ritheadh an reifreann agus 69.1% de na toghthóirí ag vótáil ‘Tá’.

I gConradh Maastricht, réitíodh an bealach chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a chruthú, ina mbeadh roinnt ballstát de chuid AE, ach ní gach ceann. Tugtar limistéar an euro air sin anois.

1 Iúil 1996

Bhí Éire i mbun a cúigiú hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó mhí Iúil go mí na Nollag 1996 faoi cheannaireacht an Taoisigh John Bruton.

Thángthas ar chomhaontú i rith na hUachtaránachta ar ábhair éagsúla a bhain le hairgeadra aonair a thabhairt isteach san Eoraip. Ina measc sin bhí an creat dlíthiúil a bheadh mar bhonn taca le húsáid an euro, an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus an Mheicníocht Rátaí Malairte nua.

Glacadh le 'Dearbhú Bhaile Átha Cliath maidir le Fostaíocht' freisin i rith na hUachtaránachta. Leagadh síos bearta náisiúnta agus Comhphobail sa Dearbhú d'fhonn borradh a chur faoin bhfostaíocht ar fud an Chomhphobail. Thosaigh Éire agus deich mBallstát eile ar an euro a úsáid go foirmiúil mar airgeadra oifigiúil, ag teacht in ionad a gcuid airgeadraí náisiúnta féin, an 1 Eanáir 2002.

1 Bealtaine 2004

Lá na gCéad Fáilte

Le linn d’Uachtaránacht na Comhairle a bheith ag Éirinn in 2004, bhí "Lá na gCéad Fáilte" in Éirinn.

Fíorú ar mhéadú suntasach ar an Aontas Eorpach a bhí sa lá úd, an 1 Bealtaine, nuair a chuaigh an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin isteach i gcomhluadar an Aontais agus é ag méadú ó 15 go 25 tír.

EU25 2004 European Union map enlargement

12 Meitheamh 2008

European Parliament Information Office in Ireland

Diúltaíonn vótálaithe na hÉireann do Chonradh Liospóin sula dtugtar faomhadh dó sa dara vótáil

Ar an 12 Meitheamh 2008, reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Liospóin. Cloíodh an reifreann agus 53.4% de thoghthóirí ag vótáil ‘Níl’. Ba í Éire an t-aon Bhallstát a reáchtáil reifreann ar an gConradh agus bhí iontas ar an Aontas Eorpach gur diúltaíodh dó anseo.

Mar fhreagra ar dhiúltú thoghthóirí na hÉireann don Chonradh, fuair Rialtas na hÉireann roinnt ráthaíochtaí ó cheannairí an Aontais Eorpaigh. Ina measc sin bhí tiomantas nach gcuirfeadh an Conradh isteach ar dhlí ná ar bheartas na hÉireann ar shaincheisteanna áirithe cosúil le neodracht nó cáin. Ina theannta sin, choinneodh ballstáit Coimisinéir buan san Aontas.

D’éirigh leis an dara reifreann a reáchtáladh ar an gConradh an 2 Deireadh Fómhair 2009 agus 67.1% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’.

31 Bealtaine 2012

I mí an Mhárta 2012, shínigh 25 ballstát an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, ar a dtugtar an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach. I dtosach, rinneadh idirbheartaíocht ar an gConradh mar rud a bhí cosúil le comhar breisithe idir ballstáit toisc nár ghlac Poblacht na Seice ná an Ríocht Aontaithe páirt sa Chonradh.

Rith muintir na hÉireann an Conradh i reifreann a reáchtáladh an 31 Bealtaine 2012.

European parliament Brussels

1 Eanáir 2013

Cuirtear comhaontuithe móra i gcrích le linn Uachtaránacht na hÉireann chun tacú le cobhsaíocht, fás agus athchóiriú

Ar an 1 Eanáir 2013 bhí Éire 40 bliain san Aontas Eorpach. Ar an lá céanna, ghlac Éire lena seachtú hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi cheannaireacht an Taoisigh Enda Kenny.

Ba iad téamaí na hUachtaránachta cobhsaíocht, poist agus fás. I rith na hUachtaránachta, thángthas ar chomhaontuithe maidir le Buiséad €960 billiún an Aontais ar feadh seacht mbliana (Creat Airgeadais Ilbhliantúil nó CAI), maoirseoir aonair le haghaidh earnáil na baincéireachta, agus buiséad dar luach €16 bhilliún i gcomhair oideachais agus oiliúna, óige agus spóirt.

Thángthas ar chomhaontuithe freisin maidir leis an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an Chomhbheartais Iascaigh agus thángthas ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta le haghaidh Comhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (TTIP).

23 Meitheamh 2016

brexit jigsaw

Breatimeacht

Tar éis reifreann a reáchtáladh an 23 Meitheamh 2016, vótáil muintir na Breataine chun an tAontas Eorpach a fhágáil.

Ar an 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach don Chomhairle Eorpach. Ina dhiaidh sin, bhí idirbheartaíochtaí maidir le téarmaí aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, inar díríodh go mór ar chearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, an socrú airgeadais d’aistarraingt na Ríochta Aontaithe agus socruithe chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

1 Eanáir 2022

Faigheann an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais

Ar an 1 Eanáir 2022, d’éag maolú lena gcuirtí srian ar an méid ábhair arna fhoilsiú ag institiúidí AE a d’fhéadfaí a aistriú go Gaeilge. Bhí seo i bhfeidhm ó 2007 i leith agus bhíothas á laghdú de réir a chéile ó 2015 i leith.

Dá thoradh sin, tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim leis na 23 theanga oifigiúla eile den AE, le stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre.

irish full language 2022 16x9

1 Iúil 2026

The Ceann Comhairle meeting pupils in Wexford schools for Europe Day 2025

In 2026, tá Éire i lár an aonaigh arís eile maidir le cinnteoireacht san Aontas Eorpach, agus í i seilbh na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus idirbheartaíochtaí casta á stiúradh lena múnlófar dlíthe agus beartais le haghaidh tuairim is 450 milliún duine nuair a bheidh sí ina hóstach uair amháin eile ar Uachtaránacht na Comhairle ar an Aontas Eorpach.

D’éirigh le hÉirinn mar óstach na hUachtaránachta seacht n-uaire roimhe seo, go minic le linn tréimhsí athruithe móra.

Le téarma 2026 tugtar deis eile chun an tAontas Eorpach a stiúradh, trí dhul i muinín na taithí agus na taidhleoireachta, agus tiomantas ann don chomhpháirtíocht.