Sceidealaithe

An Chomhdháil Idirpharlaiminteach maidir le Tóraíocht na Síochána le linn Luaineacht Dhomhanda

Dáta:

Láthair: An Chlólann, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Sonraí an Imeachta

Is comhdháil idirpharlaiminteach í seo lena dtugtar le chéile comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta de chuid an Aontais Eorpaigh agus feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar phróisis chun síocháin a bhaint amach i dtimpeallacht ina bhfuil luaineacht dhomhanda.

Déanfaidh an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta cathaoirleacht ar an gcomhdháil idirpharlaiminteach seo chun díospóireacht a éascú i measc saineolaithe agus polaiteoirí ó Éirinn agus ó gach cearn den Eoraip maidir le cuir chuige agus próisis bheartais a bhreithniú lena bhféadfar síocháin a chur chun cinn i bhfianaise timpeallachtaí geopholaitiúla deacra.

Doiciméid oifigiúla

Faigh na doiciméid is gá chun na toscairí a ullmhú, lena n‑áirítear an clár oibre, na nótaí cúlra agus an cuireadh. Cuirtear na doiciméid seo i gcartlann ar ardán buan IPEX.

Faigh na doiciméid imeachtaí

Téigh i dteagmháil linn

Fiosrú comhdhála

Cuir ríomhphost chugainn má bhíonn aon cheisteanna agat faoin gcomhdháil:

IPCPeace2026@oireachtas.ie