Críochnaithe

An Cruinniú de Chathaoirligh COSAC

Dáta:

Láthair: An Chlólann, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Ó na Cathaoirligh

Under Ireland’s Presidency, the COSAC Chairpersons’ Meeting brings together parliamentary leaders from EU Member States, candidate and observer countries and the European Parliament. As we consider Ireland’s Presidency priorities and reflect on how we can strengthen parliamentary cooperation and democratic resilience, our shared commitment to dialogue, accountability and democratic values remains essential.

Sonraí an Imeachta

Is cruinniú é seo de chathaoirligh coistí um ghnóthaí AE ó pharlaimintí náisiúnta na mBallstát agus ó Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tráthúla ar an gclár oibre Eorpach agus ullmhúcháin le haghaidh Chruinniú Iomlánach LXXVI de chuid COSAC, cruinniú a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2026.

Tá an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh, nó COSAC, ina fóram le haghaidh malartú rialta faisnéise agus dea‑chleachtas idir coistí um ghnóthaí AE de chuid parlaimintí náisiúnta agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa.

Tagann na rannpháirtithe sa chomhdháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gach ceann den 39 seomra de chuid na bparlaimintí náisiúnta san Aontas, chomh maith le parlaimintí na dtíortha is iarrthóirí agus na stát ag a bhfuil stádas breathnóra.

Clár oibre

18:00

Cruinniú de Thriúracht Uachtaránachta COSAC 

09:00

Focal fáilte ó Cheann Comhairle Dháil Éireann, Verona Ní Mhurchú Uasal, T.D.

09:10

Seisiún Oscailte - Cathaoirleach an Chomhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh, Barra Mac an Bháird Uasal, T.D. 

Ceisteanna nós imeachta agus nithe ilghnéitheacha

  • Faisnéisiú maidir leis an gCruinniú den Triúracht Uachtaránachta  
  • Clár an Chruinnithe de Chathaoirligh COSAC a ghlacadh.
  • An Dréachtchlár do Chruinniú Iomlánach COSAC LXXVI
  • Achoimre ar an 46ú Tuarascáil Debhliantúil de chuid COSAC
  • Litreacha a fuair an Uachtaránacht
  • Aon ghnó eile
09:30

Seisiún I: Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh  

Eochairóráid ón Taoiseach

An tUasal Micheál Ó Máirtín, TD

Díospóireacht

11:00

Sos caifé agus grianghraf den ghrúpa

11:30

Seisiún II: Comhar Parlaiminteach agus Athléimneacht  Dhaonlathach i nDomhan Neamhchinnte 

Príomhchainteoirí

  • Micheál Mac Craith Uasal, An Coimisinéir Eorpach um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, An Coimisiún Eorpach
  • An tOllamh Brigid Laffan, Ollamh Emerita le Polaitíocht na hEorpa, An Institiúid Ollscoile Eorpach 

Díospóireacht

13:20

Ráiteas Clabhsúir

Barra Mac an Bháird Uasal, T.D., Cathaoirleach an Chomhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Doiciméid oifigiúla

Faigh na doiciméid is gá chun na toscairí a ullmhú, lena n‑áirítear an clár oibre, na nótaí cúlra agus an cuireadh. Cuirtear na doiciméid seo i gcartlann ar ardán buan IPEX.

Faigh na doiciméid imeachtaí

Preaseisiúintí

Téigh i dteagmháil linn

Fiosrú comhdhála

Cuir ríomhphost chugainn má bhíonn aon cheisteanna agat faoin gcomhdháil:

COSAC2026@oireachtas.ie

Buaicphointí grianghraf

Aimsigh na tráthanna cinniúnacha ón gcomhdháil.

Welcoming address by Ceann Comhairle of Dáil Éireann, Ms Verona Murphy TD
COSAC Meeting Dublin - 12 - 13 July 2026 -  family photo
COSAC Meeting Dublin - 12 - 13 July 2026 - top table
COSAC Meeting Dublin - 12 - 13 July 2026
Meeting of the Presidential Troika of COSAC
Meeting of the Presidential Troika of COSAC Dublin

Seisiúin físeáin

Aimsigh na tráthanna cinniúnacha ón gcomhdháil.

93 min

Seisiún I: Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Eochairóráid ón Taoiseach An tUasal Micheál Ó Máirtín, TD agus Díospóireacht

Íoslódáil físeán (677MB)
103 min

Seisiún II: Comhar Parlaiminteach agus Athléimneacht Dhaonlathach i nDomhan Neamhchinnte

Príomhchainteoirí: Micheál Mac Craith Uasal, An Coimisinéir Eorpach um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, An Coimisiún Eorpach agus An tOllamh Brigid Laffan, Ollamh Emerita le Polaitíocht na hEorpa, An Institiúid Ollscoile Eorpach
Díospóireacht

Íoslódáil físeán (707MB)
3 min

Ráiteas Clabhsúir

Barra Mac an Bháird Uasal, T.D., Cathaoirleach an Chomhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Íoslódáil físeán (19MB)