Críochnaithe

Cuairt Chomhdháil na nUachtarán

Dáta:

Láthair: Teach Laighean, Baile Átha Cliath

Sonraí an Imeachta

Mórábhar comhair le Parlaimint na hEorpa roimh thús na hUachtaránachta is ea cuairt Chomhdháil na nUachtarán ar Éirinn.

Is comhlacht ceannais de Pharlaimint na hEorpa í Comhdháil na nUachtarán. Is príomhchomhlacht cinnteoireachta í an Chomhdháil, ina bhfuil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus ceannairí na ngrúpaí polaitíochta uile, agus is í a shocraíonn an clár oibre polaitíochta mar aon le treo sheasamh na Parlaiminte tríd is tríd.

Agus Comhdháil na nUachtarán á stiúradh ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, buailfidh sí le Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanad Éireann agus rachaidh sí i mbun comhair le hionadaithe na ngrúpaí polaitíochta.

Agus í i mbun comhair le Tithe an Oireachtais, buailfidh Comhdháil na nUachtarán le Rialtas na hÉireann freisin chun tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann a phlé. Is den tábhacht go mbeadh dea-chaidreamh oibre againn le Parlaimint na hEorpa le go n-éireoidh le hUachtaránacht na hÉireann.

Buaicphointí grianghraf

Aimsigh na tráthanna cinniúnacha ón gcomhdháil.

President of the European Parliament, Roberta Metsola, and Verona Murphy, Ceann Comhairle of Dáil Éireann in Leinster House
Group photo of participants at the European Parliaments Conference of Presidents gathering in Leinster House in June 2026
European Parliament President Roberta Metsola and the Ceann Comhairle of Dáil Éireann pictured at a table in Leinster House
European Parliament President Roberta Metsola and the Cathaoirleach of the Seanad pictured at the European Parliaments Conference of Presidents gathering in Leinster House in June 2026
european parliaments conference of presidents seanad chamber cathaoirleach